Irish article for the promotion of Dublin Dancers & Dreams here
“An aidhm atá leis an leabhar ná cur síos a dhéanamh ar Bhaile Átha Cliath mar áit chultúrtha agus íomhá chomhaimseartha a léiriú chun an fhéiniúlacht náisiúnta sa tír seo sa lá atá inniu ann a phlé,” a dúirt sé.
Tá Anne-Sophie ag obair ar Dublin Dancers & Dreams le cúig bliana anuas, agus í ag iarraidh an oiread cultúr agus stíleanna éagsúla a léiriú agus ab fhéidir léi. Dúirt sí gur “mol idirchultúrtha” é Baile Átha Cliath agus gur “teanga idirnáisiúnta í an damhsa” a théann i gcion ar gach duine.
Dúirt Cian go ndearna sé iarracht “scéal na ndamhsóirí a insint” agus “onóir a thabhairt dá gcultúir” lena a chuid filíochta. Theastaigh uaidh féin agus ó Anne-Sophie araon an “onóir” sin a thabhairt do chultúr agus stair na cathrach chomh maith leis an saol nua-aimseartha atá anois ann. Ag labhairt dó faoina chuid filíochta, dúirt Cian go raibh sé ag iarraidh an “fhéiniúlacht náisiúnta” a cheistiú agus ómós a thabhairt don Ghaeilge.
“Is cinnte gur teanga bheo í an Ghaeilge, agus tá pobal iontach láidir againn i bpobal na Gaeilge, fiú amháin i mBaile Atha Cliath. Bhí mé ag iarraidh féiniúlacht náisiúnta sa lá atá inniu ann a cheistiú agus onóir a thabhairt do mo theanga freisin. Is teanga chomhaimseartha í agus is féidir ábhair fhíorchasta a phlé inti.
“Chomh maith leis sin, is féidir ceiliúradh a dhéanamh ar stair na tíre, agus ar mhuintir na hÉireann. Thug an leabhar seo deis dom mo phaisean scríbhneoireachta, mo phaisean don teanga, agus mo phaisean don tír seo a chur le chéile, agus tá mé ag tnúth go mór lena roinnt,” a dúirt sé. “
